Cuairteoirí ón tSín agus ón Indinéis i Múscraí (Via UCC)

Tháínig grúpa ó UCC go Múscraí Dé Satharn ar feadh cuairt lae ar an nGaeltacht is giorra d’Ollscoil Chorcaí. Bhíodar ann ón Ghearmáin, ó Stáit Aontaithe Mheirceá, ón tSín agus ón Indinéis agus bhain siad ana thaithneamh as an réimse imeachtaí a eagraíodh ar a son. Comharchumann Forbartha Mhúscraí a d’eagraigh an lá i gcomhar le hIonad na Gaeilge Labhartha i UCC.
Thosnaigh an lá le cuairt ar Ostán Ghobnatan le h-aghaidh cupán tae agus scón agus bhogamar ón áit sin suas go Reilig Ghobnatan, áit a raibh Eibhlín Ní Lionaird i mbun cúramaí mar threoraí timpeall ‘Valhalla na nGael’.
Ina dhiaidh san tháinig siad go dtí Cúil Aodha áit a raibh bainisteoir an Chomharchumainn, Concubhar Ó Liatháin, ann chun cur i láthair a dhéanamh faoi Mhúscraí, an stair, an litriocht, an ceol agus taispeanadh cúpla físthaifead Youtube ag léiriú ceol is saíocht na h-áite do na cuairteoirí.
Tugadh cuairt ansan ar dhealbh Sheáin Uí Riada atá i gclós an tséipéil i gCúil Aodha. Is anseo a tógadh an griangraf.
As sin go dtí an Muileann, áit a raibh lón blasta ag feitheamh. Bhi seisiún amhránaíochta ansan i gcomhluadar Liam Ó Cróinín, buaiteoir Chorn Chuimhneacháin Amhránaithe Mhúscraí, agus bhain gach éinne taithneamh as sin.
An chéad mír eile ar an gclár, ceilí i gcomhluadar le Fear a’tí, Dónal Mac Suibhne, agus a athair, Diarmuid i mbun an bosca ceoil. Chriochnaigh sé sin na h-imeachtaí go sasúil agus chuaigh an slua abhaile go Corcaigh ansan agus an chuma ar an scéal gur bhain siad an taithneamh as an lá i Múscraí.

Dá mba mhaith leatsa cuairt ar Mhúscraí a eagrú ar son grúpa, bí i dteagmháíl liom ag 085 8130777.

Cuairteoirí ó Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC, i gCúil Aodha

Tabhair Freagra

Comhdaithe faoi Uncategorized

An dara eagrán de iMúscraí anseo agaibh….

An dara eagrán de iMúscraí

Seo chugaibh an dara eagrán de iMúscraí – tá gach eolas ann faoin nGaeltacht is deise in Éirinn!

Tabhair Freagra

Comhdaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr

iMúscrai i gcló agus ar líne

Is féidir teacht ar an gcéad eagrán de nuachtlitir an Chomharchumainn ar fuaid Mhúscraí inniu (Dé hAoine, 30 Meán Fómhair). Tá sé ar fáil chomh maith ar líne mar fhoilseachán inléite agus is féidir teacht ar anseo nó cliceáil ar an bpictiúr.

Tabhair Freagra

Comhdaithe faoi Uncategorized

Ar bharr an chontae

Caitriona Wallace, Tom Tiernan, Helen de Gordún, Veronica Jennequin agus Concubhar Ó Liatháin: toscaireacht Chúil Aodha ag an ocáid i Halla an Chontae chun duaiseanna a bhronnadh ar na pobail buacha sa Dúshlán Frith Bhrúscair


Bhí toscaireacht ó Choiste Bhailte Shlachtmhara Chúil Aodha i láthair i Halla an Chontae aréir (Déardaoin) le h-aghaidh bronnadh na nduaiseanna sa Dhúshlán Frith Bhrúscair a d’eagraigh Comhairle Chontae Chorcaí i mbliana. Chriochnaigh Cúil Aodha sa triú áit sa chontae i rannóg na sráidbhailte agus níorbh é seo ach an chéad iarracht acu sa chomórtas. Ní raibh ach marc nó dhó idir iad agus na pobail a bhuaigh na príomh dhuaiseanna, Carraig a Droichid agus Sallybrook.

An tseachtain seo freisin fograíodh torthaí na mBailte Shlachtmhara, an chomórtas náisiúnta, agus d’eirigh go h-an mhaith le Cúil Aodha agus Béal Atha’n Ghaorthaidh. Beidh an dá phobal sin agus pobail eile Mhúscraí ag díriú anois ar fheabhais breise a chur leis an toradh in am do chomórtas na bliana seo chugainn.

Tabhair Freagra

Comhdaithe faoi Báilte Shlachtmhara, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Glór na nGael, Mórtas Mhúscraí

Ag tacú le Meitheal Mhúscraí

Seo ráiteas ó Chomharchumann Forbartha Mhúscraí maidir le h-iarmhairtí an chinnidh MFG a scor.
Le h-éisiúint: Laithreach


Buille trom do Ghaeltacht Mhúscraí an fhógra tobann go bhfuil Meitheal Mhúscraí le dúnadh laithreach mar gheall ar chinneadh gan choinne a ghlac bórd Meitheal Forbartha na Gaeltachta an eagras a scor an tseachtain seo.

B’shin a bhí le rá ag Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, Concubhar Ó Liatháin, ar chloisint na drochscéala ón gcruinniú a bhí ag Bórd MFG Dé Chéadaoin.

“Tá pobal Ghaeltachta Mhúscraí ag brath go mór ar an obair íontach atá á dhéanamh ag Meitheal Mhúscraí sa cheantar,” dúirt sé.

“Fágann an chinneadh seo go mbeidh go leor daoine aosta agus faoi mhí chumas éigean buailte go trom agus fagtha gan seirbhísí,”

Tá isteach is amach le 30 duine fostaithe ag Meitheal Mhúscraí ag cur coras taistil ar fail d’aosaigh, ag obair sna h-ionaid lae agus ag cur seirbhísí ar fail do dhaoine i mbaol sa Ghaeltacht seo.

“Caithfidh POBAL agus an Roinn Comhshaoil atá freagracht acu as MFG teacht i gcabhair laithreach ar Mheitheal Mhúscraí agus comhlachtaí eile MFG atá ag obair go dícheallach agus go diograiseach ar an talamh chun seirbhísí a chur ar fail do dhaoine atá theana féin ag fulaingt.

“Tá sé thar a bheith tabhachtach na postanna seo a choimead slán, ar mhaithe na daoine atá ag brath ar an ioncam ó na postanna seo ach chomh tabhachtach céanna ar na daoine atá ag brath ar na seirbhísí atá á chur ar fail ag na fostaithe.

“Táimíd ag iarraidh freisin ar na h-údaráis cuí a chinntiú go n-íocfar deontaisí atá ceadaithe faoi scéim Leader d’eagraíochtaí ar fuaid Mhúscraí atá ag brath ar an dtacaíocht sin chun obair riachtanach Forbartha a dhéanamh ar áiseanna sa cheantar seo.”

Breis eolais: Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, 085 8130777.

Press release: For immediate release:

Comharchumann Forbartha Mhúscraí supports Meitheal Mhúscraí in face of decision of MFG to cease trading

The decision by the Board of Meitheal Forbartha na Gaeltachta to cease trading has been described as a heavy blow to the Múscraí Gaeltacht by the manager of Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Concubhar Ó Liatháin.

The board of MFG took the decision on Wednesday afternoon following a meeting in Claregalway. The workers at the organisation’s Múscraí office heard on the media their jobs were terminated.

“The people of Múscraí depend for a wide range of services on the great work of the Meitheal Mhúscraí team,” said Mr. Ó Liatháin. “The harsh effects of this decision will be felt most keenly by the elderly and other vulnerable groups who depend on Meitheal Mhúscraí to provide transport, meals and other vital services.”

There are up to 30 people employed, mostly on a part time basis, by Meitheal Mhúscraí. The organization has been very successful on a local basis since it’s foundation in the 1990s. It is now feeling the brunt of a decision by the board of MFG, which is the parent body responsible for several local organizations in Gaeltachtaí throughout Ireland.

Both POBAL and the Department of Environment were urged to come to the immediate assistance of Meitheal Múscraí and its sister organizations on the ground to ensure the vital services they provide are continued for the benefit of the local people in Múscraí.

“We also urge the appropiate authorities to ensure the grants allowed by MFG for various projects which applied for LEADER funding are paid. These funds are vital for the further development of vital facilities in the region.”

Further Information: Concubhar Ó Liatháin, Comharchumann Forbartha Mhúscraí. 085 8130777

NOTE: Comharchumann Forbartha Mhúscraí is a community based co-operative organisation in the Múscraí Gaeltacht. We promote the Irish language and cultural tourism. Our website is http://www.imuscrai.com

MFG employs up to 34 people fulltime nationwide, principally in Conamara, Donegal and Kerry. Meitheal Mhúscraí is the Cork wing of the organisation and has up to 30 employees, mostly part-time. Last year Meitheal Mhúscraí hosted a very successful trip by President Mary McAleese to Múscraí (29th May, 2010).

1 Fhreagra

Comhdaithe faoi An Ghaoluinn, Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Mórtas Mhúscraí Báilte Shlachtmhara 2011

Cé gur bhuaigh Cill Airne an phríomh dhuais i gComórtas na mBailte Shlachtmhara, bhí torthaí maithe ag pobail Mhúscraí a ghlac páirt sa chomórtas, Cúil Aodha agus Béal Átha’n Ghaorthaidh.

Rinne pobal Bhéal Atha’n Ghaorthaidh ana iarracht agus fuair siad 284 marc sa chomórtas. Tar éis do Chúil Aodha filleadh ar an gcomórtas tar éis bheith ar iarraidh an bhliain seo chaite, bronnadh 244 marc ar an iarratas.

Tá feabhas mór tagtha ar na marcanna a fuair Cúil Aodha agus Béal Atha’n Ghaorthaidh le deich mbliain anuas. Is féidir an feabhas sin a thabhairt faoi ndeara go soiléir sna grafanna seo. Ní mór a thuiscint gurb é 310 an marc a fuair Cill Airne nuair a bhuaigh an baile sin an chomórtas.

Béal Atha'n Ghaorthaidh 2001-2011

Cúil Aodha - Bailte Shlachtmhara 2001-2011

Déardaoin na seachtaine seo beidh toscaireacht ag dul ó Chúil Aodha go Halla an Chontae i gCorcaigh le h-aghaidh an cheiliúradh a bheidh ar siúl ansan do na pobail éagsúla a rinne go maith sa Dúshlán Frith Bhrúscair i mbliana. Chriochnaigh Cúil Aodha sa triú áit sa chontae ar fad.

Beifear ag baint úsáid as na tuairiscí ós na moltóirí chun tabhairt faoi 2012.

Tá an Chomharchumann ana shásta as an chabhair a thugamar don dhá iarratas seo.

Tabhair Freagra

Comhdaithe faoi An Ghaoluinn, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Eagrais, Mórtas Mhúscraí, Nuacht

Múscraíoch i gCraobh an Domhain den 1500m

Ciarán Ó Lionaird ó Mhúscraí ag criochnú an rás leathcheannais 1500m i gCoiré....


Cháíligh Ciarán Ó Lionaird (Leevale AC) do chraobh an domhain den 1500m i nDaegu an Choiré Theas inniu nuair a chriochnaigh sé sa séú áit sa bhabhta leathcheannais. Mac é Ciarán le Seán Ó Lionaird ó Ghort na Scairte agus níos luaithe i mbliana bhí sé ar fhoireann bhuach na hÉireann nuair a bhuaigh siad Craobh an Domhain faoi 19 sa rith tras tíre.
Bhí cuma compórdach a dhothain air i rith an ráis ar fad agus cé ná raibh sé i measc an chúigear a cháilligh de cheart, chinntigh an séú áít a fuair sé sa rás leathcheannais ba thapúla gurb é a chailleodh don bhabhta ceannais.
Tógann éacht Chiaráin ár gcroí agus an tír go léir faoi scamall le tamall anuas de bharr na cúinsí eacnamaíochta. Maith thú a Chiaráin – is laoch thú gan aon amhras. Go n-eirí leat sa chraobh. Táimid ana bhródúil as an méid atá bainte amach agat agus muiníneach go n-eireoidh go maith leat sa chraobh seo agus, cá bhfios, ní fada uainn na Cluichí Oilimpeacha i Londain an bhliain seo chugainn!

Tabhair Freagra

Comhdaithe faoi Baile Mhuirne, Cúil Aodha, Cluichí eile i Múscraí, Spórt, Stair

Tá siad ar an mbealach #BárGoBar

Séamus Mac Fheorais, Eoin Ó Súilleabháin agus Dáithí Mac Carthaigh: Ar an slí go Tan Hill
Cuireadh tús go luath ar maidin inniu leis an dturas stairiúil atá á thabhairt ag muintir Bharr an Chuma, an tabhairne is airde in Éirinn, ar an bpub is airde sa Bhreatain, an Tan Hill Inn, i Yorkshire.
B’iad Séamus Mac Fheorais, Daithí Mac Carthaigh agus Eoin a’ Bhab Ó Súilleabháin an chéad triúr le h-aghaidh a thabhairt ar an dturas de 500 míle. Ar maidin inniu, timpeall a 6rn, a thosnaigh an turas, agus beidh siad ann faoi am lón ar an Satharn.

Faoi láthair tá siad stoptha don oíche i Mainistir na Laoise.

Maidin Dé hAoine a thosnóidh lucht na Honda 50 ar an dturas agus beidh siad ann timpeall an am céanna.

Beidh an bus leis an slua tacadóirí ag imeacht ar an Aoine freisin agus beidh siad ann in am mhaith ar an Satharn chun fáilte a chur roimh na rothaithe agus lucht na Honda 50aí.

Is féidir faire ar imeachtaí sa Tigh Tabhairne – atá 1732 troigh ós cionn na farraige – ar webcam an tabhairne.

Tabhair Freagra

Comhdaithe faoi An Ghaoluinn, Cúil Aodha, Cultúr, Imeachtaí Eile, Nuacht

Spraoi agus spórt ag an Campa Samhraidh

An slua a fhreastail ar an gCampa Samhraidh in éineacht le na cinnirí....
Seo pictiúir den dream a fhreastal ar Champa Samhraidh Mhúscraí i bPáirc Uí Chuana, Cill na Mártra, an tseachtain seo chaite. Ar chúl tá na cinnirí, Séamus Ó Mathúna, Muireann Ní Dhuinnín, Caitríona Ní Luasa, Pauline Dodds, Gearóid Ó hÉalaithe agus Tadhg Mac Suibhne.

Bhí Campa Samhraidh Mhúscraí ar bun i bPáirc Uí Chuana i gCill na Martra an tseachtain seo chaite agus cuireadh íontas ar lucht eagraithe nuair a d’fhreastal breis is trí scór paiste ar an gcampa. Tháinig páistí ann ó Chíll na Martra agus ó Reidh na nDoirí don chuid is mó – ach bhí siad ann freisin ó Bhéal Atha’n Ghaorthaidh, Sraid an Mhuilinn agus Cúil Aodha. B’é Comharchumann Forbartha Mhúscraí a reachtáil an Champa agus bhí cabhair á fháil ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Scéim na gCampaí Samhraidh.

“Bhí an athas orainn gur eirigh chomh geal leis an gcampa,” arsa Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir an Chomharchumainn. “Is cinnte go mbeidh campaí eile againn i 2012 mar go raibh an oiread san suime ag daoine óga ann.”

Bhí foireann áitiúil i mbun an champa – Séamus Ó Mathúna, Muireann Ní Dhuinín, Tadhg Mac Suibhne, Caitríona Ní Luasa agus, an múinteoir ealaíon, Pauline Dodds – agus bhí cabhair íontach ar fáil ó Ghearóid Ó hÉalaithe, Príomhoide Scoil Naomh Lachtaín i gCíll na Martra. I measc na n-imeachtaí a bhí ar bun, bhí peil Gaelach, “Corn an Domhain”, Seachain an Liathróid, Hacaí Sa Halla, Snámh i Linn Snáimh Chúil Aodha agus cuairt ar mhonarcan shaighdiúirí Prince August.

Fuair gach páiste a ghlac páirt t-léine ag an deireadh agus bhí duaiseanna beaga á bhronnadh i rith na seachtaine ar na páisti is fearr a bhí ag labhairt na Gaeilge agus i gcomórtaisí éagsúla a bhí ar bun le linn na seachtaine.

Tabhair Freagra

Comhdaithe faoi Uncategorized

Campa Samhraidh Mhúscraí 15-19 Lúnasa

Beidh Campa Samhraidh á reachtáil ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí i gCill na Martra i mí Lúnasa.

foirmiarrataiscampasamhraidhIMEACHTAÍ/Activities
Peil Gaelach, liathróid láimhe, mion chluichí, ealaíon, ceol agus amhránaíocht. Gaelic football, handball, other games, art, music and singing.

CAD A BHEIDH AG TEASTÁIL: Lón sláintiúil, deoch sláintiúil, éadaí spóirt, éadaí báistí, cosaint gréine, túáille: Healthy lunch and drink, sports clothes, clothes for wet weather, sun protection, towel.

Sláinte: Iarraimid ar thuismitheoirí/caomhnóirí a chur in iúl don champa má tá aon rud a chuireann as do shláinte do pháiste.
We ask parents/guardians to inform us of any medical condition your child might have.

POLASAÍ IOMPAIR:

Seolfar abhaile aon pháiste a chuireann as go mór do ghnó an champa nó a dhiultaíonn glacadh le gnath smacht.
Any child who interferes with the work of the camp or who doesn’t comply with standard discipline will be sent home.

Seolfar abhaile aon pháiste a bheidh bulaíocht ar siúl aige/aici nó a bhagraíonn foréigeann ar pháiste eile nó ar bhall den bhfoireann.
Any child will be sent home who bullies any other child or who threatens violence on another child or member of the staff.

Seolfar abhaile aon pháiste a fhagann an champa gan cead a bheith faighte aige/aici.
Any child who leaves the camp without permission will be sent home.

Líon na bpáistí: Caithfidh 75% de na rannphairtithe bheith ón nGaeltacht agus, mar sin, tabharfar tús áite do pháistí ón nGaeltacht.

Tabhair Freagra

Comhdaithe faoi An Ghaoluinn, Cill na Martra, Cluichí eile i Múscraí, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cumann Lúthchleas Gael, Spórt