Cois a’ Ghaorthaidh – á sheinnt ag The Gloaming

The Gloaming – Cóis a’ Ghaorthaidh

Tabhair Freagra

Rangaithe faoi Béal Átha'n Ghaorthaidh

Pleanáíl teanga agus tacaíocht do theaghlaigh Ghaelacha – an pleán nua

Is é seo an preas ráiteas a éisíodh inniu maidir leis an obair seo.  De réir dealraimh beidh ar Múscraí agus Cléire pleán teanga amháin a ullmhú….cad é bhúr dtuairim.   Tuilleadh faoi seo ar ball.

26/04/2012 – Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich an Clár Tacaíochta Teaghlaigh agus an Próiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., dhá thionscnamh shuntasacha faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 inniu (26/4/12).

“Is cur chuige nua atá sa Chlár Tacaíochta Teaghlaigh agus sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht a dhéanfaidh difríocht shuntasach ar an talamh maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain,” a dúirt an tAire Stáit ag an seoladh san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh (An Crann Taca) in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe.

Clár Tacaíochta Teaghlaigh
Tá sé mar aidhm ag an gClár Tacaíochta Teaghlaigh de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain. Faoin gClár seo, tá sé beartaithe ag an Roinn 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge.

D’fhógair an tAire Stáit go bhfuil socrú déanta i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun bileog eolais, maidir leis na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge, a scaipeadh ar mháithreacha atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu. Cuirfear tús leis an bhfeachtas feasachta seo trí na seirbhísí máithreachais a fheidhmíonn faoi scáth an FSS i gcathair na Gaillimhe, i Leitir Ceanainn agus i gCaisleán an Bharraigh. Tá sé i gceist an feachtas seo a leathnú amach chuig na seirbhísí máithreachais atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta eile.

“Níl sa bhileog eolais ach tús le feachtas feasachta chun tuiscint níos fearr a chothú i measc tuismitheoirí maidir leis na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge. Tá pacáiste tacaíochta, ina bhfuil dlúthdhiosca agus leabhar atá oiriúnach do pháistí, ar fáil do thuismitheoirí freisin ó mo Roinnse. Níl le déanamh ag tuismitheoirí ach teagmháil a dhéanamh le mo Roinnse chun an pacáiste a fháil. Ní miste a rá go bhfuil sé i gceist cur leis an phacáiste tacaíochta de réir a chéile,” a dúirt an tAire Stáit.

Chomh maith leis an bhfeachtas feasachta, d’fhógair an tAire Stáit na bearta nua seo a leanas a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le páirtithe leasmhara eile faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh:
• Cuirfear le Scéim na gCampaí Samhraidh de chuid na Roinne chun díriú ar pháistí 3 go 6 bliana d’aois agus 7 go 14 bliana d’aois (seachas 4 go 7 mbliana d’aois, mar atá faoi láthair);
• Cuirfear cúrsaí oiliúna faoi leith ar bun do dhéagóirí ón nGaeltacht idir 15 agus 17 mbliana d’aois a bhfuil Gaeilge líofa acu ionas go mbeidh siad in ann dul ag obair mar chúntóirí sna coláistí Gaeilge;
• Tabharfar cuidiú do choistí/eagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta chun níos mó ócáidí agus imeachtaí feiliúnacha a chur ar bun, e.g. grúpaí tuismitheoirí agus mamailínigh/páistí;
• Déanfar forbairt ar Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid na Roinne chun freastal níos fearr a dhéanamh ar pháistí i scoileanna Gaeltachta chun a gcuid Gaeilge a shaibhriú nó a shealbhú; agus
• Déanfar suíomh tairsí don Ghaeilge a fhorbairt le go mbeidh teacht níos éasca ag an bpobal ar gach ábhar agus acmhainn a bhaineann leis an nGaeilge. Mar chuid den suíomh tairsí seo, déanfar ábhar a fhorbairt ar líne a bheidh ina áis do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge.

“Cé go mbeidh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh ag freastal go príomha ar theaghlaigh Ghaeltachta, beidh an pacáiste tacaíochta agus an t-ábhar ar líne ar fáil d’achan duine. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach i gcomhthéacs na spriocanna atá sonraithe faoin Straitéis 20 Bliain chun cur le líon na gcainteoirí Gaeilge ar bhonn náisiúnta,” a dúirt an tAire Stáit.

Próiseas Pleanála Teanga
D’fhógair an tAire Stáit go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

“Tá lúcháir orm tús a chur leis an phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht inniu. Faoin Bhille Gaeltachta 2012 atá á dhréachtú faoi láthair, tabharfar sainmhíniú nua don Ghaeltacht a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha, mar atá faoi láthair. Mar atá ráite faoin Straitéis 20 Bliain, déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail d’achan cheantar Gaeltachta,” a dúirt an tAire Stáit.

Faoin bpróiseas pleanála teanga, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht roinnte i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith. Beidh plean teanga le réiteach ag gach ceann de na ceantair seo in imeacht ama. Sa chaoi is gur féidir próiseas pleanála teanga cuimsitheach agus córasach a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht, d’fhógair an tAire Stáit go raibh cuireadh tugtha do 6 cheantar pleanála teanga tosú láithreach ar an bpróiseas seo.

“Ní mór a bheith soiléir nach bhfuil anseo ach an chéad chéim sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. De réir a chéile, tabharfar aghaidh ar na ceantair phleanála teanga go léir,” a dúirt an tAire Stáit.

Faoi láthair, tá Údarás na Gaeltachta ag maoiniú eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla sa Ghaeltacht. Tá sé aontaithe go mbeidh príomheagraíocht cinnireachta amháin ann i ngach ceantar pleanála teanga chun an próiseas a stiúradh ar an talamh le cúnamh ón Údarás. Tá sé beartaithe go mbeidh na heagraíochtaí eile sa cheantar pleanála teanga céanna ag feidhmiú faoin bpríomheagraíocht sin mar a bhaineann sé leis an bpleanáil teanga. Is faoin Údarás a bheidh sé na céimeanna cuí a thógáil i gcomhar leis na heagraíochtaí éagsúla chun an cur chuige seo a fheidhmiú.

Dúirt an tAire Stáit: “Is deis atá sa phróiseas pleanála teanga do phobal na Gaeltachta. Tá mé ag súil go mbeidh an Roinn, an tÚdarás agus na heagraíochtaí pobalbhunaithe ag obair as lámha a chéile chun an próiseas seo a chur i gcrích.”

Tá sé i gceist go gcuirfear oiliúint phraiticiúil ar fáil do na heagraíochtaí pobalbhunaithe chun cabhrú leo dul i ngleic leis an bpróiseas pleanála teanga i gcomhar leis an bpobal. Chomh maith leis sin, cuirfear múnla pleanála teanga ar fáil do na heagraíochtaí, bunaithe ar na moltaí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, chun cabhrú leo na pleananna teanga a réiteach.

Tuilleadh eolais:
• Féach nóta eolais faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh.
• Féach nóta eolais faoin bPróiseas Pleanála Teanga.
• Féach Aguisín 1 – Ceantair Phleanála Teanga sa Ghaeltacht.

 

Aguisín 1 – Ceantair Phleanála Teanga sa Ghaeltacht
Faoin bpróiseas pleanála teanga, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht roinnte i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith. Tá cuireadh tugtha do 6 cheantar pleanála teanga (i gcló trom) tosú láithreach ar an bpróiseas seo.

Corcaigh
• Múscraí agus Cléire

Ciarraí
• Ciarraí Thiar
• Ciarraí Theas

Dún na nGall
• Tuaisceart Dhún na nGall – Fánaid, Ros Goill, An Tearmann, Na Dúnaibh
• Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an Iúir
• Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, Toraigh, An Fál Carrach, Machaire Rabhartaigh
• Na Rosa, An Clochán Liath, Ailt an Chorráin, Árainn Mhór, Leitir Mhic an Bhaird
• An Ghaeltacht Lár
• Dún na nGall Theas

Gaillimh
• An tEachréidh
• Maigh Cuilinn, Bearna, Cnoc na Cathrach
• Cois Fharraige (Na Forbacha go Ros an Mhíl)
• An Cheathrú Rua agus Ceantar na nOileán
• Iorras Aithneach agus Corr na Móna
• Oileáin Árann

Maigh Eo
• Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh
• Iorras


• Ráth Chairn agus Baile Ghib

Port Láirge
• Na Déise

Tabhair Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn

Daonáireamh 2011: Ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge i Múscraí, sa Stát

Líon na gcainteoirí Ghaeilge sna Gaeltachtaí éagsúla

Tháínig ardú suntasach ar líon na gcainteoirí Ghaeilge sa tír ó 2006 go dtí 2011, de réir torthaí an Dhaonáirimh 2011 a foilsíodh inniu. Tá ardú freisin i líon na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

I nGaeltacht Chorcaí, a chuireann Múscraí agus Oileán Cléire san áireamh, bhí méadú 115 ar líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge, suas ó 867 go 982. Méadú níos mó ná 10% atá i gceist ansan. Más é 2011 an dáta tosaigh don Straitéis 20 Bliain, abair, ciallaíonn sé sin go mbeidh isteach is amach le 1200 chainteoir Ghaeilge laethúil i nGaeltacht Chorcaí – ardú 25% – faoi 2030 nó is é sin an sprioc atá luaite leis an nGaeltacht sa Straitéis.

De réir Daonáireamh 2011, tá 1.77m chainteoir Ghaeilge sa Stát. Is ionann sin agus 41.4% den daonra iomlán. Ardú 7.1% ar líon na gcainteoirí Ghaeilge é seo Dhaonáireamh 2006 ach is ísliú é ar an gcéadtadán, nó i 2006 bhí Gaeilge ag 41.9% den daonra. Idir an dhá linn, áfach, bhí méadú 8.1% ar dhaonra an Stáit.

Níos lú ná 2% – 1.8% – a úsáideann an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Is é 18.7% den daonra a bhaineann úsáid as an Ghaeilge ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó níos annaimhe arís.

Scéal dóchasach atá i gceist sa Ghaeltacht, más duine dochasach thú. Bhí méadú bheag ar líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla i nGaeltachtaí Thír Chonaill, Chonamara, Chiarraí agus Chorcaí. Bhí laghdaithe beaga i gceist i nGaeltacht na Mí, Gaeltacht Mhaigh Eo agus Gaeltacht na nDéise.

San iomlán bhí méadú 660 ar líon na gcainteoirí Ghaeilge i 2011 ó 2006. Is é 23175 líon na gcainteoirí Ghaeilge laethúla sna Gaeltachtaí de réir daonáireamh 2011 – b’é 22.515 an líon i 2006.

Tá roinnt torthaí spéisiúla eile sa chaipéis atá ar fáíl<a href=”http://www.cso.ie/en/media/csoie/census/documents/census2011pdr/Commentary%20Usual%20Res,%20Migration%20etc.pdf”> anseo </a> ar leathnach 40/41.  Tá eolas breise faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltachta anseo ar leathnaigh 101-103.

Cé chomh minic a labhartar Gaeilge i measc aoisghrúpaí éagsúla i nGaeltacht Chorcaí

 

 

 

 

 

80%+ de dhaonra Mhúscraí ag baint úsáid as an nGaeilge....

Tabhair Freagra

Rangaithe faoi An Ghaoluinn, Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne, Béal Átha'n Ghaorthaidh, Cúil Aodha, Cill na Martra, Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Cultúr, Nuacht, Reidh na nDoirí

Eagrán nua de iMúscraí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá eagrán nua iMúscraí ar tí bheith ar fáil ar fuaid na Gaeltachta.   I measc na scéalta atá chun tosaigh ann tá na h-ullmhúcháin atá á dhéanamh don agóid a bheidh ar siúl roimh an chluiche idir Corcaigh agus Ciarraí Dé Domhnaigh seo chugainn, 18/3, ag Páirc Uí Chaoimhe (ó mean lae ar aghaidh) agus an pleán chun margadh phobail nua a thosnú i mBaile Mhúirne (12 meanlae – 2pm, 1 Aibreán, Ostán Ghobnatan).

Tá alt ann faoin gcéad chéim eile i dtreo pleán teanga chuimsitheach do Mhúscraí, (cruinniú ar an Déardaoin, 15ú Márta, 8pm), agus fócas ar dheiseanna nua fostaíochta i Múscraí.

Beidh sé ar fáil ar fud an cheantair go luath.

Tabhair Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Corp fhir óg aimsithe le trealamh ceannaithe ag pobal Mhúscraí

Bhí láimh ag teaghlach ó Mhúscraí agus ó phobal na Gaeltachta seo i ndea scéal de short i mBéal Feirste inniu (Dé Satharn).

An fhoireann thárthála ó Mhagh Ealla, Co. Chorcaí, a fuair corp Joby Murphy ó cheantar an Trá Ghearr i mBéal Feirste sa Lagáin tar éis cuardach a mhair ó thréimhse na Nollag.   Bhí an fhoireann tárthála ag baint úsáíde as trealamh a dheonaigh Clann Uí Thuama ó Bhaile Mhúirne dóibh tar éis feachtas bailithe airgid a thionscnaigh siad mar thoradh ar bhás taismeach Brian O Tuama breis is dhá bhliain ó shin.  Cailleadh Brian in Abha na Laoi.

Cé go raibh muintir Joby croí bhriste mar gheall ar bás an fhir óig, b’fhaoiseamh é go raibh a thaisí ar ais sa bhaile faoi dheireadh.  Ghabh siad buíochas ó chroí leis an bhfoireann tárthála as ucht a saothar.   Bhain an foireann tárthála úsáíd as an bad – Brian O Tuama – a deonaíodh dóibh.

 

 

 

 

Tabhair Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

An Ghlúin Óg ag tabhairt leo an sean nós

Iad seo an dream a ghlac pairt i Snó2 – Sean Nós na nÓg – le linn Éigse Dhiarmuid Ó Suilleabháin i gCúil Aodha roimh na Nollag. Scéim é seo atá eagraithe ag Aisling Gheal le tacaíocht ón Éigse féin – agus maoiniú ó Ealaíon na Gaeltachta.
I laethannta an dorchadais atá buailte linn a bhuí le faillí ár rialtais agus na mbanc, lochrann dóchais iad na buachaillí agus cailíní seo….

Tabhair Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Dea phoiblíocht do Mhúscraí

Peadar Ó Riada


THE Bould Thady Quill is famed in song and in story as a renowned athlete and sportsman — as well as for drinking black porter as fast as you’d fill.

But even he has to salute the achievements of the latest Muskerry sportsman, Irish Olympic hopeful Ciaran O Lionaird, who is aiming to be among the medallists in London. Ciaran embodies the up-for-it attitude of Quill, a spirit which is alive and well in the Muscrai Gaeltacht.

Though Ciaran hails from Toon Bridge, his roots are in Muscrai from where his father Sean, brother of Iarla and TG4 presenter Paidi, hails. One of my first jobs was with a company set up by Sean with Peadar O Riada, Mil an tSulain (The honey of the Sullane). That company is no more but from it grew Follain, the producers of jams and relishes, a company run by yet another O Lionaird, Peadar, with his wife Mairin, which is thriving in the Udaras na Gaeltachta estate in Baile Mhuirne.

O Riada this week launched his new cd, Triur Aris, a collaboration with Martin Hayes and Caoimhin O Raghallaigh. The first album from the trio, Triur sa Draighean, contained a reel for Barack Obama. When I heard the US president worked out listening to Irish traditional music occasionally, I sent him a tweet with this information. I didn’t get a reply but, who knows, he may be spinning as you read this to the lively tune recorded in O Riada’s kitchen in Cuil Aodha.

Iarla himself is involved in traditional supergroup, The Gloaming, along with Hayes and O Raghallaigh as well as Thomas Bartlett of New York parish. There’s only a few years separating myself and Iarla and we grew up in Cor Chuil Aodha together. He has gone on to world fame — while I am here counting my blessings.

Last year I was involved in the organisation of Feile na Laoch (Festival of Heroes), the inspiration of O Riada. It was a celebration of local, national and world heroes and it featured an open-air exposition/ aeraiocht starring Glen Hansard, Christy Moore and more. This summer we plan to celebrate the life and work of poet Sean O Riordain.

There’s an abundance of heroic spirit in Muscrai, which is not to say that communities throughout Ireland aren’t inspirational. I am of Muscrai, however, and it’s Muscrai’s song I’m singing here.

The spirit is well exemplified by the local business community. As part of my day job as manager of Comharchumann Forbartha Mhuscrai, I am involved in the publication of a newsletter called iMuscrai. For the last two editions, we’ve published recruitment ads seeking production managers for a local health-food plant and a technical writing service.

There are two new companies being set up as I write — one company which produces artisan black and white puddings for the Irish market and another which will distribute Apple computer equipment at a discount on the web, www.apple4less.com.

Certainly this ongoing enterprise would not be possible without the support in finance and expertise of Udaras na Gaeltachta. During 2011, Udaras supported the creation of 78 new jobs in the Muscrai Gaeltacht with more coming on stream.

It’s not that we don’t know there’s a recession on in Muscrai. We do. There are half-empty estates in Baile Mhuirne and a never-begun development in Cuil Aodha. Emigration is not unknown either. This is best illustrated by tracking where the newsletter is read online. I can point to readers worldwide.

The local hostelries are fighting the brave fight with well-attended music sessions in the Abbey Hotel, while the Mills Inn is planning a microbrewery on site in the next few months. During the summer, regulars of the Top of Coom, Ireland’s highest pub, organised a cycle from the pub to England’s highest pub on the Yorkshire Moors. The effort raised thousands for a local charity.

In a few months’ time, local bards and makers of verse will gather for Ireland’s only surviving poetry court, Daimhscoil Mhuscrai, where they will celebrate in poetry and song local heroes and events and bring back down to earth with adverse verse those who brought this country to the edge of the abyss.

There’s no fear of the recession in Muscrai but there is an indomitable spirit which will help us overcome this challenge with a smile and a song on our lips. It could even be the Bould Thady Quill!

Triur perform in a rare concert at the Abbey Theatre in Dublin tonight

Tabhair Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized